Is é tasc an choiste leanúint le tasc Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht 1997-2002 (Coiste Uí Luineacháin) agus Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht 1996-97 (Coiste Uí Chaoimh), eadhon, an clár leasuithe bunreachta ar ar thosaigh na coistí thuasluaite a chríochnú, is clár ar cuspóir dó gach cuid den Bhunreacht a athnuachan, lena chur i ngníomh thar roinnt blianta. Tasc gan fasach atá ann: níl cuspóir chomh huaillmhianach sin leagtha amach dó féin ag aon stát eile arb é an reifreann an t-aon sásra athraithe bunreachta atá aige.
Beidh trí chineál leasaithe sa chlár:
leasuithe teicniúla/eagarthóireachta Baineann na leasuithe seo le hathruithe ó thaobh foirme de nach athruithe ó thaobh substainte iad, mar shampla, 'sé' a athrú go 'sé nó sí' más rud é gur léir go bhfuil feidhm ag foráil sa Bhunreacht maidir le fir agus mná araon.
leasuithe neamhchonspóideacha Baineann na leasuithe seo le hathruithe ó thaobh substainte de a mbeadh an pobal sásta leo tríd is tríd, mar shampla, Ceann Stáit a thabhairt ar an Uachtarán.
leasuithe conspóideacha Baineann na leasuithe seo le hathruithe ó thaobh substainte de nach mbeadh daoine ag teacht le chéile ina leith de dheasca chineál na n-athruithe, mar shampla, athruithe ar chineál agus scóip chearta an duine.
Tá an coiste tar éis an staidéar ar na hAirteagail den Bhunreacht ina ndéileáiltear leis na forais stáit a chríochnú. Tá sé ag déileáil le bunchearta anois.
Tá sé tar éis an Naoú Tuarascáil faoi Dhul chun Cinn: Maoin Phríobháideach a fhoilsiú (Aibreán 2004) agus tá staidéar á dhéanamh aige faoi láthair ar na hAirteagail den Bhunreacht ina ndéileáiltear leis an teaghlach (Airteagail 41, 42 agus 40.3).
Tríd is tríd, is é an tasc atá fós le déanamh ag an gcoiste ná na nithe seo a leanas a bhreithniú:
• bunchearta (ar leith ón gceart chun na beatha agus maoinchearta, a bhfuil breithniú déanta orthu cheana)
• Airteagal 45 (Buntreoracha do Bheartas Comhdhaonnach)
• meascra, ón mBrollach, ainm an stáit, seasamh na Gaeilge, go dtí na forálacha sealadacha.
Ghlac an coiste na nósanna imeachta oibre seo a leanas:
• aighneachtaí a lorg ón bpobal ar shaincheisteanna sonracha
• faisnéis agus tuiscintí a fháil ó shaineolaithe iomchuí
• tuarascálacha faoi dhul chun cinn a eisiúint.
Tá na hacmhainní seo a leanas carntha i gcúrsa an phróisis reatha athbhreithnithe ar an mBunreacht (1995 go nuige seo):
• Tuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe ar an mBunreacht
• sraith de sheacht n-imleabhar déag ina bhfuil ábhar tacaíochta i dtaca le gach ceann de na réimsí leathana a scrúdaigh an Grúpa Athbhreithnithe ar an mBunreacht
• na haighneachtaí a rinneadh chuig an nGrúpa Athbhreithnithe ar an mBunreacht
• tuarascálacha faoi dhul chun cinn agus páipéir oibre na gcoistí Uile-Pháirtí agus na sainghrúpaí a thug faoin tasc i dtaca le hathbhreithniú a dhéanamh ar an mBunreacht ó 1966 i leith
• na haighneachtaí i scríbhinn agus ó bhéal a rinneadh chuig na coistí Uile-Pháirtí.